[42]

URRNUIDHTHE in-rāgha gach uair bhus āil leat.

A DHE UILE-CHUMHACHTAIGH agas a Athair neamhdha, tuigmaoid inar gcoinsiansaibh agas atāmuid agā admhāil inar n-indtindibh mar so síos fīrindeach, nach fiū sind féin ar súile do thōgbhāil flaitheamhnus , agas nach fiū sind teacht [teachth] at fhiadhnuise-se an mhéid-sin do dhánacht do dhēnamh a bhreathnughadh a smuain/tiugh- adh go n-ēisdfeá-sa ar nguidhe ar ngairm, madh āil leat fēachain silleadh ar an atá don taobh astoigh indaind. Oir [Oír] atāid ar gcoinsiansa ag ar n-agra, agas atāid ar bpeacaidh iomarcacha ag dēnamh fhiadhnuise [’nar n-adhaidh], agas tuigmaoid sa mhó gurab tusa an breith- eamh ceart cothrum, nach abrand na peacaidh do bheithna bfīrēnaibh, acht do- dīoghaltas ar na daoinibh do- lochta [lochtha]


[43] agas lán-mhillte a n-adhaidh thaitheantadh-sa. Ar an adhbhar-sin, a Thighearna, an uair do-bheirmuid dār n-aire ar mbeatha féin go h-uilidhe, atāmuid ar ar gclaoi inar gcroidheadhaibh agas h-ēidir lind a tséna a tseachna nach bfuilmaoid ar dtuitim agas ar dtrom-leagadh síos a neamh-dhóchas, ar ar slugadh a mbás agas a ndamnadh. Gidh eadh, a Thighearna is truime trōcaire agas toirbheartus, ó dho dheónuidhis dod thrōcaire neimh-measarrdha a fhurāil agas a iarraidh orainde thainm onōrach-sa do ghuidhe dār bfurtacht agas dār bfōiridhin ó / īochtar ifrind; agas gach mēid mar mhothuidhemuid duireasbhuidh oraind féin, is mōide dhlighmuid teacht go luath-ghāireach lán-umhal diarraidh fhurtachta ar do mhōr-thrōcaire-se sin; óir do gheall ar n-itche agas ar n-urrnuidhe agas ar n-iarratus dēisdeacht, gan aire do thabhairt don dīoghaltus do dhligh- femaois do thaobh ar bpeacaigh, acht amháin a n-ainm agas a n-onōir agas ar grádh ar dTighearna Iosa Crīosd, do rēir a thuillteanais agas a throim-chendaigh, neochna aonar tug tusa dhúin mar aon-teachtaire agas mar én-aidhne; atāmuid ag ar lēigean féin a n-īsle agas a n-umhlacht at fhiadhnuise- se, ag diūltadh gach uile dhóchais dímhaoinigh ó neart daonda, acht leanmhuin amhāin rēd thrōcaire-se, agas ar lán-ndóchas do bheith a ngairm thanma naomhtha-sa dfhaghāil mhaithimh ar bpeacaidh dhúin.

Ar tūs, a Thighearna, maille gach tiodhlucadh nach bfétar dāireamh dhindisin tugais gach uile dhuine ar talmhuin, tugais dúine / grāsa sbeisialta, nach bfēdmuid do rādha ar a n-iumad agas nach bfēdmuid do smuaintiughadhnar n-intindibh; agas go h-āiridhe mar do dheōnuidhis ar ngairm do chum thuigseana do tSoisgēil naomhtha, ag ar dtarraing ó dhaoirse thruaigh an diabhail agā rabhamar a gceangal agas a gcuibhreach, agas ag ar saoradh ó fhuar- chreideamh agas ó chrabhadh fhallsa agas ōn t-seachrān imarcach a rabhamar báite gus anois, agas mar tugais sind do chum tsoillse suthaine tfhirinde. Gidh eadh, atá an mhēid-sin dolcmhuireacht iondaind agas do dhearmad agas do chruas croidhe go bfuilmuid ag dearmad agas ag dīch- uimhne na dtiodhlucadh-sin fuaramar ōd lāimh [laimih] thoirbh-


[44] eartaigh-se, agas go ndeachamar ar seachrān uaid agas gur thimpōidheamar agas gur thilleamar ōt aitheantuibh agas ōd reacht ro-naomhtha, a lenmhuin ar n-ainméine agas ar ndroch-thoile féin, gan onōir umhla imchubhaidh do thabhairt dot thainm naomhtha neart-chumhachtach/ -sa no dot bhriathruibh blasda bith-bheōdha-sa, agas gan mēdughadh do mhōr-ghlōire mar do dlighfidhe dhínd. Agas nach dearrnuis-se comhnuidhe faillidhe acht bheith ag ar sīor-theagasg go lān-fhīrindeach lēd bhriathruibh, nīr ēisdeamair-ne na briathra-sin an teagasg.

rēir sin, a Thighearna, do pheacaidheamar go h- urchōideach agas go ro-throm at adhaidh-se, iondas gurab masla agas náire do dhlighfemaois dfhaghāil chiond sin, agas atāmaoid agā thuigsin go bfuilmuid uile lochtach at fhiadhnuise-se, madh āil leat-sa ceirt-bhreitheamhnus do dhēnamh oraind do rēir mar do thuilleamar, óir fhēdmuid a tsēna gur thuilleamar bás agas damnadh suthain sīor- bhuan. Oir [oír] madh āil lind a rādha go bfuilmuid glan agas ar leithsgēl féin do ghabhāil, do-dhēnadh ar gcoinsians féin ar n-agra isna briathruibh-sin agas do fhoillseōchadh ar n-olc é féin at fhiadhnuise-se, neoch is adhbhur damnuidh dhúinn. Agas gan amharas, a Thig/hearna, is lēir lind ar an smacht agas ar an dīoghaltas do thuit oraind gur thuilleamar go mōr do tsaobhnōs-sa, óir mar tusa ad bhreitheamh cheart chothrum, gan adhbhar do- dīoghaltas ar do phobal. Ar an adhbhur-sin, a Thighearna, ó dho mhothuidheamar do bhuilleadha, tuigmaoid gur thuilleamar tfhearg go h- imarcach, agas do-chīmuid do lāmh ag bagar ōs ar gciond, agas do-chīmuid an t-slat ad lāimh le smachtaidheand agas le mbuaileand sind do ghnáth, agas do-chīmaoid an dīoghaltas ullamh tig do bhrīdh tfheirge-se ar son ar bpeacadh.

madh āil leat anois, a Thighearna, bárr dīoghaltais do dhēnamh oraind nach dearrnuis fós, agas mar fuaramar ēn-bhuille gurbh āil leat céd buille do thabhairt dúinn, agas madh āil leat gnāthughadh na Sein-tiumna do chur oraind mar do chuiris ar Chlandaibh Israhél, aithnidhemaoid nach dēntā and sind uile acht ceirt-bhreitheamhnus cothram,


[45] agas fhēdmaoid a tsēna nār thuilleamar féin an / dīogh- altas do thuill siad-san sa iná do thuilleadar-san é.

Gidh eadh, a Thighearna, ōs atá dhAthair againde, agas nach bfuil indaind acht luaithreadh agas cré neamh- ghlan, agas gurab tusa do-rinde sind, agas gurab sind oibrighthe do lāmh, agas gurab ar n-aodhaire agas ar n-ard-bhuachaill, agas gurab sinde do thréd, agas ag faigsin duid fós gurab ar Slānuightheōir, agas gurab sinde an pobal do cheandaigh dheōidh, agas ōs tusa ar nDia, agas ōs sinde thoighreacht thoghtha, fulaing dot fheirg fadōdh do dhēnamhnar n-adhaidh do dhēnamh dhīogh- altais go h-ullamh oraind a n-am do tsaobhnōis rind, agas cuimhnidh dīoghaltas do dhēnamh oraind do rēir ar n-olc, acht smachtaidh sind go séimh so-fhulaing do rēir do thrōcaire.

Agas is lān-deimhin lind, a Thighearna, gur fhadōidh ar ndroch-ghnīomhartha féin tfhearg-sa go h-iomarcachnar n-adhaidh; gidh eadh, ō tāmaoid [atamaoid] ag gairm agas ag guidhe thanma-sa, agas sind ag imchur do / chomhtharraidh agas do tsuaitheantuis, mēdaidh iondaind an saothar do thionds- gnamar lēd ghrásaibh, nach diongmhālta sind mar tsearbhontuibh dfhoillsiughadh do bhriathar, iondas go ma lēir don t-saoghal uile gurab ar nDia agas ar Slānuigh- theōir.

Atá a fhios agad fós an mhēid agas do fhulaind bás agas do mhill do bhrīdh a -ghnīomhartha féin, nach dēnand siad do mholadh feasda, acht na h-anmanda tromdha gan chomhfhurtachtna gcroidheadhaibh umhla, agas na coinsiansa ar a bfuil [na gcoinsiansa abfuil] eire an-trom na bpeacadh [peachadh] n-uathmhur, agas ar a bfuil íota do ghrás, asiad sin fhoillsidheas do ghlōir- se agas do mholadh.

Is minic fós do bhrosnaidh do phobal féin , Cland Israhēl, do chum fheirge agas dhīoghaltais lēna n-olc imar- cach, agas do-rinde tusa dhīoghaltas mar bhudh cóir orr- thuibh. Acht comhluath agas do thuigeadar-san a lochta agas do thilleadar chugad-sa, do ghabh do chum / do thrōcaire iad [íad] ; agas raibhe do thruime do mhēd a bpeacadh nār chuimhnidh tusa go minic an gealladh do-


[46] rinde dAbrahām agas dIasāg agas do Iacōb, iondas gur impāidh uathadh do tslat dhīoghaltach, agas gur éisd a n-itche agas a n-urrnuidhe.

Fuaramair-ne anois [anóis] ōd mhaitheas mōr-chumhachtach-sa gealladh agas tioghlucadh is fearr iná a dtugais do Chloind Israhēl, an gealladh atā againd a n-Iosa Crīosd, atā arna dhaingniughadh dhúinn rēd fhreasdal aithreamhail-se a mbás agas a bpáis do Mhic inmhuin-se Iosa.

Uime sin, a Thighearna, atāmuid ag ar dtrēigean féin agas ag trēigean gach uile dhōchais dīomhaoinigh ó chuidi- ughadh daona [dáona] sa domhan, agas atāmuid ag gabhāil chum- airce agas chuimridhe do gheallaidh mhōr-naomtha-sa, ndearna ar dTighearna Iosa Crīosd a chorp do thabhairt sa chrand chēsadh, do dhēnamh ar síthi-ne [sithíne] riot-sa. Féch ar an adhbhar-sin, a Thighearna, a n-adhaidh agas a ngnūis ghrādhaigh do / Chrīosd, agas nārab orainde ar ar - ghnīomharthuibh fhēchfas san am-sin, iondas go dtraoth- fuithear tfhearg rēna aslach-san, agas go soillsithear gathāin lán-tsoillse do thrōcaire orainde, do dhearbhadh go chomh- fhurtachta agas do tslānuighe dhúinn; agas ó so amach gabh sinde ad dhīdean naomhtha agas ad choimhēd cumhachtach lēd Sbioraid Naomhtha, iondas go bfētar ar n-aithbhreith do chum na beathadh is fearr; iondas go ma beandaighthe thainm, do dtí do Rīghe, go ma dēnta do thoil a dtalmhuin mar atā ar neamh; tabhair dhúinn aniu ar n-arān laithea- mhail, agas maith dhúinn ar bfiacha, mar mhaithmaoid-ne dar bfēicheamhnuibh; agas lēig a mbuaidhreadh sind, acht saor sind ó olc; óir is leat-sa an Rīghe, an neart, agas an ghlōir, tré bhioth sīor. Bīodh amhluidh.

Agas tāmaoid-ne neamh-ghlan neamh-imchubhaidh dhínn /in do chum ar mbeōl dfhosgladh diarraidh gach neithe rigmaoid a leas, gidh eadh ó do dheōnaidh tusa a aithne do thabhairt dúinn gach aon againd do dhēnamh guidhe ar a chēile, atāmaoid-ne ag dēnamh ar n-urrnuidhe go h-umhal riot-sa ar sgáth ar mbrāthar mbocht gCrīosd- aidhe, neoch atá fād smacht-sa, ag eadar-ghuidhe ort tfhearg dimpōdh uathadh. Cuimhnigh fós, a Thighearna, gurab cland duid iad [íad] , mar is cland duid sinde, agas do-


[47] chuadar ar seachrān ar mearughadh uaid, trēig iad [íad] , acht foillsigh do thrōcaire ghnāthach orra mar do gheallais dona daoinibh do thogh . Deōnaidh fós, a Thighearna, do ghrāsa agas do ghnāth-thrōcaire do dhortadh ar thEagluisibh go h-uilidhe agas ar do phoibleachaibh, atā ag fulang do cheirt-se agas do smachtuighe plāidh no cogadh tindeas cuibhreach [chuibhreach] bochtaine h-ēn-ghnē oile anshocracht anma cuirp; go ma toil leat comh- fhurtacht do chur chuca mar / is is imchubhaidh dhōibh a faghāil, iondas go dtuigid gurab foillsiughadh do ghrāidh orthuibh an dochar ina bfuilid ōd smachtughadh gcear- tughadh, agas foidhide do thabhairt orrthuibh, agas trao- thadh ar na docruibh-sin, [agas] dheireadh agas dheōidh, tar ēis a saortha ó gach trioblōid [triobhloid] dībh-sin, adhbhar subhachais agas sobrōin do thabhairt dōibh ad thrōcaire do mholadh thanma naomhtha; agas go h-āiridhe go ma toil leat do thrōcaire dfhoillseachadh ar gach aon atá ag admhāil tfhīrinde, agas iad [íad] do neartughadh maille dōchas daingean agas buaine, gan impōdh ar a n-ais ōt fhīrinde. Dīdin agas cumhduigh iad [íad] in gach aoin-inadh, agas claoi cealga do nāmhad agas nāmhad tfhīrinde; cuir srēin ina mbeōlaibh gceartughadh ar an slighidh chōir, agas coisg an t-slighe mharbhthach fhuileachtach atā siad do dheilbh do ghnáth at adhaidh-se agas a n-adhaidh do Mhic mhōr-chumhachtaigh Iosa agas a mhuintire; impōidh ar a n-ais a n/droch-tslighthe do chum a n-uilc féin do dhēnamh, agas fulaing Rīoghacht na gCrīosduidheadh do sgrios foirrneart an Aintecrīosd, cuimhne thanma naomhtha do sgrios as an talmhuin; agas fulaing na daoine atā ag moladh agas ag admhāil thanma naomhtha do chlaoi Turcachuibh Pāghā- nachuibh, muintir an Phāpa, druing droch- chreidmhigh oile do-bhēradh sgandail masla dot ainm naomhtha-sa. Bīodh amhluidh.

titleUrrnuidhthe
internal date1567.0
display date1567
publication date1970
level
reference template

Carswell %L

parent textFoirm na n-urrnuidheadh
<< please select a word
<< please select a page