Adbhamaoid agas creidmaoid ar dTighearna Iosa do
bheith ’na én-Mhac Dé ar son nach bfuil a én-lethēid eile 1885
and do rēir nádūire acht eisean féin amhāin. Adbhamaoid
fós gurab é ar dTighearna é, hí h-eadh amhāin ar son gurab
sind a chrēatūire, acht go h-aithghearr ar son gur chean-
daigh / sé sind lēna fhuil uasail oirrdheirc féin, agas mar sin [H4
fuair sé tighearntus agas uachtarānacht ōs ar gciond, mar 1890
phobal do tsaor agas do fhuasgail sé ó dhaoirse pheacaidh
agas bháis agas ifrind agas an diabhail, agas do-rinde sé
rīghthe agas sagairt dínd do Dhia Athar.
Adbhamaoid fós tuilleadh agas creidmaoid gur h-agradh
ar dTighearna Iosa a bfiadhnuise bhreitheamhan talmhuidhe 1895
darbh ainm Pontius Pilatus, agus gur fhulaing sé bás a
gcrand na croiche césda eidir dhias meirrleach fān mbreith-
eamhnus-sin, acht gé minic do nochtadh and sin a bheith
neimh-chiontach. Agas mur do bhí an bás-sin ro-fhuath-
mhur ro-ghrānda a bfiadhnuise daoine, is mar sin do bhí an 1900
bás cēdna cūrsda a bfiadhnuise Dé, mur adubhairt, ‘Is cūrsda
gach én-neach bhias crochaidhe ar crand.’ Agas do fhulaing
seisean an ghné ghrānda bhāis-se ar a phearsuind féin, ar
son gurab é orduighthear lēna Athair féin mar bhrāighid
orainde agas mar fhear-imchuir / dīoghaltais ar seachrāin- [H4v]
ne. Agas tuigmaoid dā rēir sin agas creidmaoid gur thōgaibh
sé leis dínd an cūrsadh agas an mallachadh do bhí crochaidhe
oraind ar son peacaidh. Fuair sé bás gan amharas, ag tabh-
airt a Sbioraide suas a lāmhaibh a Athar, tar ēis a rādha dhó,
‘A Athair, atāim ag toirbheart mo Sbioraide ad lāmhaibh-se.’ 1910
Tar ēis a bháis, adbhamaoid gur h-adhluiceadh a chorp,
agas go ndeachaidh sé síos a n-ifreand; acht ar son gurab é
féin amhāin fundamuint na beatha, agas gurab é féin bhudh
beatha dá ríribh and, nīr bf’ēdir a chongbhāil fā dhochar nō
fā dhoilgheas an bhāis. Agas ’na dhiaidh sin do ēirigh sé 1915
1885: ná.
1885: eilé.
1893: Dhiá.
1900: dáoine.
FOIRM AN BHAISTIDH
an treas lá a rīs ar ngabhāil chumhachta agas bhuadha dhō
ar an mbás agas ar ifreand; agas tug sé beatha a rís do chum
an t-saoghail fós leis an esēirghe-sin, agas atá sé ag roind na
beatha-sin lē cumhachtaibh a Sbioraid féin ar a bhallaibh
beōdha beandaighthe féin, iondas nach bás dōibh anois an 1920
bás corparradha, acht dul isteach / sa mbeathaidh mbean- [H5]
daighthe mbuan-tsuthain. Oir tar ēis na h-eisēirghe do
dhearbhadh dá dheisgibluibh dhó, agas dā gach aon dār an
go buan maille ris go soithe a bhás, do-chuaidh sē suas go
so-fhaicsena ar neamh a bfiadhnuise tsúl daoine, agus 1925
tugadh a ionadh dhó ar deas-lāimh Dhé Athar uile-chumh-
achtaigh, mar a bfuil sé anois ’na ghlōir féin, ’na én-Cheand
agas ’na én-Teachtaire agas ’na ēn-Aidhne ar son gach boill
dá chorp. Agas atá comhfhurtacht mōr againd de sin; ar
tús, lēna dhul suas ar neamh do fosgladh teaghdhuis Dē 1930
dhúinn agas do-rindeadh slighe dhúinn as a bfēdfam go
dána dul a bfiadhnuise chathrach grás agas trōcaire ar n-
Athar neamhdha féin; agas ’na dhiaidh sin, atá a fhios
againd go dtugadh a onōir agas a inmhe d’Iosa Crīosd, ar
gceand agas ar gcodhnach, ’nar n-ainm-ne, do chum thoraidh 1935
agas tarbha do theacht dúind de sin. Agas gé tá sé go cor-
parrdha anois ar neamh, atá sé lé cumhachtaibh a Sbioraid
and so do ghn/áth ’nar measg-ne agas ’nar bfochair dār [H5v]
gcoimhéd agas dār gcoimh-dhīdean inar n-uile amhgharaibh
agas anshocruibh; agas saorfuidh sé fā dheōidh a Eagluis go 1940
h-uilidhe agas gach ēn-bhall fīrindeach dhí sa ló-sin an tan
thaisbēnfas sé é féin ina bhreitheamh ar bheōaibh agas ar
mharbhaibh.
Oir fā dheōidh asē so an ní adbhamaoid a dtimcheall
Iosa Crīosd .i. mar do-condcus é ag dul suas go soillēir agas 1945
mar do fhāgaibh an saoghal do rēir an chuirp-sin féin do
fhuilaing páis agas do-rinde an eisēirghe, is mar sin chreid-
maoid go daingean do-ghluaisde go dtiucfa sé ó dheas-lāimh
a Athar, agas go bfaicfe gach uile tsúil é, agas fós go bfaicfid
súile na ndaoine lēr tolladh a thaobh é; agas cruindeōchar 1950
and sin ar én-láthair an mhéid bhias beó san aimsir-sin,
agas an mhéid fuair bás roimhe sin. Do-nīthear fós dealach-
adh an tan-sin eidir na h-uanaibh agas na gabhruibh .i. eidir
na daoinibh toghtha agas na daoine damanta. Agas cluin-
1922: Oír.
1923: aón.
1925: daoíne.
1942: iná.
1944: Oír.
1951: bhías.
FOIRM AN BHAISTIDH
fidh an dara cuid / dīobh an guth subhach sīr-bhind-se .i. [H6]
‘Teagaidh-se, a dhaoine do bheandaidh m’Athair-se, agas
gabhaidh seilbh go sīoraidhe sa rīoghacht atá ar[na] h-ull-
mhughadh dhaoibh roimh thosach an t-saoghail.’ Agas
cluinfidh an chuid oile dhīobh an bhreath fhuathmhur
agarbh-sa nach gcuirfidhear ar a h-ais choidhche .i. ‘Bíthi ag 1960
imtheacht uaim-se, a lucht dhēnta h-aingidheachta agas an
uilc, do chum na teineadh nach bāithfidhear feasda.’ Agas
ar an adhbhur-sa, goirthear sa Sgriobhtūir ‘lá an fhind-
fhuaraidh’ no ‘lá an ath-nuadhaidh’ don lá-sa, agas fós
goirthear ‘lá nochtaidh na n-uile dhiamhra’ dhe; óir is and 1965
saorfuidhear na fīrēnaigh ōna n-uile amhgharaibh, agas
cuirfidhear iad a seilbh a nglōire féin atá gan uireasbhuidh,
agas ’na adhaidh sin, do-gheibhid na daoine damanta ceirt-
bhreitheamhnus do dhēnamh orra, agas cumaoin a n-uile
olc féin, mās follas nó mās diamhair do-rindeadar iad. 1970
Agas mar chreidmaoid go daingean i nDia Athar agas a
n-Iosa / Crīosd, mar adubhramar romhaind, is mar sin [H6v]
chreidmaoid andsa Sbiorad Naomh, neoch adbhamaoid ’na
Dhia a gcudruma chumhacht ris an Athair agas ris an Mac;
is lēna oibriughadh agas lēna bhrosnughadh buan-lāidir 1975
iondarbthar ar n-uile dhorchadas uaind agas tsoillsidhear
ar súile sbioratālta, agas ar n-anmanda agas ar gcoinsiasa
atá arna gcumailt d’fhuil Iosa Crīosd, agas conguibhthear
sind a bfīrinde Dhé go deireadh ar mbeatha. Agas ar na
h-adhbharaibh-se tuigmaoid go bfuil illradh anmand sa 1980
Sgriobhtūir ag an Sbiorad suthain sīoraidhe-se, atá ag
gluasacht ón Athair agas ōn Mac. Adearar ar uairibh uisge
ris, ar son an ghlanta do-nī sé, agas ar son an neirt do-bheir
sé dhār nádūir thruaillidhe d’iomchur dheagh-thorrthadh,
óir ’na fhēgmhuis-sin biaidh ar nādūir-ne go h-uilidhe gan 1985
toradh, agas fós biaidh sī go h-uilidhe lom-lān d’aingidheacht
agas d’olc. Adearar teine ar uairibh eile ris an Sbiorad-sin, ar
son na soillse agas na dteinteadh fhadōid/heas sé a gcroidh- [H7]
eadhaibh cāich. Adearar fós ola nó uindemint ris an Sbiorad-
sin féin, ar son go mbogand agas go maothuidheand a 1990
oibriudhadh cruas ar gcroidheadh, agas go dtugand sé oraind
1958: tsosach.
1960: araháis.
1960: bhíthi.
1962: baithfidhhear.
1967, 1970: íad.
1967: an ghloire.
1971: in Diá.
1974: Dhiá.
1987: eilé.
1991: crúas.
FOIRM AN BHAISTIDH
cló na h-īmhāidhe-sin Iosa Crīosd do ghabhāil indaind ré
slaineōchar amhāin sind.
Creidmaoid fós go comh-dhaingean go raibhe and, agas
go bfuil and, agas go mbia and Eagluis atá naomhtha agas 1995
atá uilidhe .i. comaoineachadh nó choimhcheangal na
naomh. Atá an Eagluis-so naomhtha ar son gur ghabh sī
maitheamh a h-uile pheacthadh lé creideamh a bfuil Iosa
Crīosd amháin; an dara ní, ar son, tar ēis a h-aith-bhreithe,
go bfuil Sbiorad a naomhtha aice agas comas gluasachta a 2000
naomhthacht nua-bheathadh agas i ndeagh-oibrighthibh,
mar do ordaidh Dia a phobal toghtha féin do ghluasacht.
Ní h-ē go bfuilmaoid ag breathnughadh an oiread-sin
d’fhīrēntacht nó d’fhoirfidheacht do bheith riamh roimhe,
nō go bfuil anois, nó go mbiaidh feasda, san Eagluis-sin nó 2005
a / n-én-bhall dí, iondas nach beith feidhm aice a lēigean a [H7v]
n-īsle fā ghrásaibh d’iarraidh; acht ar son go bfuilid a
h-uireasbhadha arna maitheamh dhí, agas go bfuil fīrēntacht
Iosa Crīosd arna tabhairt dá gach aon lērbh āil leanmhuin
ris maille ré deagh-chreideamh. Agas goirmaoid Eagluis 2010
uilidhe nó chatharrdha dhí ar son go bfuil sí dá gach uile
chinēlach agas dā gach uile labhra agas dā gach uile sdaid
nó sdáta nó inmhe fhear agas bhan, an mhéid dīobh do ghoir
Dia ó dhorchadas do chum beatha agas ó dhochar agas ó
dhaoirse pheacaidh do chum a tseirbhīse sbioratālta féin 2015
agas do chum ghlan-ghnīomharthadh. Agas is don Eagluis-
se do-bheir sē comhroind a Sbioraide Naomhtha féin, ag
tabhairt én-chreidimh dhoibh, agas én-bheatha, agas én-
bhaisididh, agas én-Tighearna .i. Iosa Crīosd, agas cóir-
ghnāthuidhe na Sacramuinte; agas ceangluidh sé croidh- 2020
eadha na buidhne-se ré chēile i ngrádh agas a gcoimhcheangal
Crīosdaidhe. /
Adbhamaoid fós go dtugadh trí tiodhluicthe oirrdheirce [H8]
onōracha don Eagluis naomhtha-sa go geinearālta .i. maith-
eamh na bpeacadh, do-geibhthear lé creideamh fīrindeach 2025
sa mbeathaidh-se; eisēirghe na feōla nó cholla na marbh, do-
gheibh gach én-neach, gé nach iondand cáil nó cosamhlacht
a bfaghaid sin, óir is do chum dhamnaidh agas bhreith-
eamhnuis fhuathmhair ēirghid lucht an uilc, mar adubh-
2002: Día.
2014: Día.
2016: gniomharthath.
FOIRM AN BHAISTIDH
ramar romhaind, agas ēirghid na fīrēnaigh do ghabhāil 2030
tseilbhe i nglōir agas a n-aoibhneas. Agas ní bá macnas
meanman a n-ēirghe, agas ní eireōcha én-chorp and ar son
chuirp eile, acht do-gheibh gach én-duine a chorp féin mar
do thuill sé a fhaghāil, go maith nó go h-olc. Do-gheibhid
na fīrēnaigh an bheatha tsuthain mar thiodhlucadh saor ó 2035
Dhia, arna cosnamh agas arna toirbheart dá chloind thoghtha
lé h-Iosa Crīosd, ar n-én-Aidhne agas ar n-én-Cheand. Dō-
san, maille ris an Athair agas ris an Sbiorad Naomh, biaidh
/ gach uile ghlōir anois agas a saoghal na saoghal. [H8v]
Leanaidh an urrnaidh-se ’na dhiaigh sin: 2040
A DHE BHIOTH-TSUTHAIN, bhuain-tiodh-
luicigh na n-uile chumhacht, ó dho gheallais
dod mhór-throcaire agas dod mhór-mhaitheas féin go
mbeitheā ad Dhia dhuind, agas ní h-é sin amhāin, acht go
mbeitheā ad Dhia agas at Athair dār gcloind, atāmuid ’gud 2045
ghuidhe, mar do dheōnuidhis lēd ghrásaibh ar ngairm
d’fhaghāil chumaind agas chuidighe dod chreideamh, go ma
h-amhluidh sin bhus toil leat an leanamh-sa do bhean-
dachadh lēd Sbioraid Naomhtha, agas a ghabhāil a measg
do chloinde, neoch atāmuid do bhaisdeadh do réir do 2050
bhriathar-sa, iondas, an uair thiucfas sé go h-aois fhoirfe, go
n-aide/ōmhaidh sé thusa do bheith at aon-Dia fhīrindeach, [I
agas an tí do chuireis chugaind dār slānughadh Iosa Crīosd,
agas seirbhīs do dhēnamh mar sin dó go diongmhālta, iondas
bheith tarbhach don phobal nō don choimhthionōl dó ar 2055
feadh a bheathadh agas a bhuan-tsaoghail go h-imlān; iondas
tar ēis a chuid don bheatha-sa do chaitheamh dhó, go
mbearar é mar bhall beōdha don chorp-sin d’fhaghāil tsubh-
achais agas tsólāis a bflaitheamhnus mar a bfuil do Mhac-sa
Iosa Crīosd ’na rīoghacht agas ’na ró-fhlaitheamhnus, agas 2060
mar a mbiaidh tré bhioth sīor. Is ’na ainm atāmuid ’gud
ghuidhe mar do theagaisg sé féin dūind, mar adubhairt: Ar
n-Athair-ne atá ar neamh, [&c] .
Tar ēis na guidhe-sin, fiarfuidheadh an Minisdir ainm an
leinimh, agas an uair do-ghēbha sé fios a anma, labradh 2065
mar so síos: /
2033: eilé.
2034: gó holc.
2036: Dhiá.
2045: Dhiá.
2051: háois.
2052: Día.
FOIRM AN BHAISTIDH
Atāim-se ’gud bhaisdeadh, a .N., a n-ainm an [I1v]
Athar, agas an Mhic, agas an Sbiorad Naomh.
Agas ag labhairt na mbriathar-sa dhó, gabhadh uisge ’na
láimh agas cuireadh ar édan an leinimh é, agas ar gcrīoch- 2070
nughadh na h-oifige-sin dó, tugadh buidheachas do Dhia
mar so síos:
AN MHEID NACH LOR LEAT, a Athair
naomhtha neart-chumhachtaigh is mó trīcaire
agas trom-ghrása, sinde do bheathughadh lé tiodhluicthibh 2075
coitcheanda, mar an gcuid oile don chineadh dhaonna, agas
’na cheand sin atá ag médughadh iondaind agas ag toirbheart
oroind tiodhluicthe ingantacha égsamhla lán-tsaidhbhre,
mar dhligheadh agas mar fhiachaibh atāmuid ag tógbhāil ar
n-indtindeadh chugad-sa, agas ag tabhairt mhór-bhuidh- 2080
eachais duid ar son do mhaithis imarcaidh, agas ní h-ē
amhāin gur lór leat ar n-āireamh / a measg do naomh dod [I2
thrōcaire tsaoir, acht atá tú ag gabhāil agas ag gairm ar
gcloinde chugad, aga gcomhtharrughadh leis an t-Sacra-
muint-se mar chomhtharradh nō mar tsuaitheantus do 2085
ghrádha. Uime sin, a Athair inmhuin, gen go bfuilmaoid
imchubhaidh do thuilleadh an mhór-thiodhluicthe-sin (agas
dā madh āil leat dīoghaltas do dhēnamh oraind do réir ar
ndroch-ghnīomharthadh, is dian-bhás agas damnadh suthain
síor-bhuan do-bhértha dhúinn), gidh eadh, a Athair uile- 2090
chumhachtaigh, atāmuid ’gud ghuidhe go ma toil leat do
ghrása do mhédughadh iondaind nī sa mhó agas nī sa mhó,
agas gabh an naoidhe-so ad choimhéd agas ad choimh-
dhīdean, neoch atāmuid do thabhairt mar ofrāil agas mar
thiodhlucadh dhuid maille ré h-urrnuidhibh coidcheanda, 2095
agas nā fulaing dhó tuitim sa mēid-sin do dhearmad do
chreidimh nó do thoile-se as go dtiucfadh dhe brīdh an
bhaisdidh-se do chur ar dimbuil, acht go madh / ēidir leis [I2v]
a thuigsin do ghnáth thusa do bheith dh’Athair thrōcaireach
aige, do bhrīdh oibrighthe do Sbiorad Naomh do bheith ’na 2100
chroidhe, mar as dā chumhachtaibh go madh ēidir leis bheith
a n-uachtar ar an diabhal agas buaidh do bhreith air fā
2071: Dhiá.
2073: mhéid.
2099: dó bheith.
SUIPER AN TIGHEARNA
dheōidh, agas go ma toil leat fós a thōgbhāil a saoirse do
Rīoghachta tré chumhachtaibh Iosa Crīosd ar dTighearna.
Bīodh amhluidh. 2105
Fīnid d’Ordughadh an Bhaisdidh.
title | Foirm an Bhaisdidh (2) |
internal date | 1567.0 |
display date | 1567 |
publication date | 1970 |
level | |
reference template | Carswell %L |
parent text | Foirm na n-urrnuidheadh |