ADHMAD BEAG
and so do-rinde M. Séon Carsuel do chum an leabhair bhig-se féin.
Gluais romhad, a leabhrāin bhig,
go h-Ua [húa] nDuibhne rig ad réim;
chomh luath is fhūicfeas tú an cló,
’na áras dó soirbhidh sén.
’Na dhiaidh sin siubhail gach tír
ar fhud Alban go mín mall,
acht ort ō nach bfuil a bfeidhm,
nā tabhair céim i ngort Gall.
Dā éis sin taisdil gach tond
go crích Eireand na bfond bfial;
gē beag ar na brāithribh [bbraithribh] thú,
gluais ar amharc a súl siar.
Gach seancha gan seanchus saobh [saóbh] ,
gach fear dáno nār aomh brég,
cumand eadrad agas iad,
a leabhrāin bhig, bīadh go h-ég.
Gach neach do ghrādhaigh an chóir
do tsīol Adhaimh rōimh nī guais,
aca sin dēna do nid,
romhad a leabhrāin bhig gluais.
Gluais. /
title | Adhmhad Beag |
internal date | 1567.0 |
display date | 1567 |
publication date | 1970 |
level | |
reference template | Carswell %L |
parent text | Foirm na n-urrnuidheadh |